Beidh Uachtarán nua-tofa Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin i nDoire i Mí Lúnasa chun Léacht Cuimhneacháin Dhonncha Mhic Niallais a thabhairt le linn Féile 2025.
Beidh an imeacht i gCultúrlann Uí Chanáin Dé Máirt 12 Lúnasa ar 12.30in.
Ag fógairt na himeachta dúirt urlabhraí ar son na Féile:
“Tá an-áthas orainn go tabharfaidh Uachtarán Chonradh na Gaeilge léacht i gcuimhne Dhonncha Mhic Niallais le linn Féile 2025.
“Is í an chéaduair a labharfaidh Ciarán i nDoire ó toghadh mar Uachtarán é ar an eagras Gaeilge is mó ar an oileán. Tá muid ag dúil go mór le fáilte a chur roimhe chuig an chathair le Donncha a chuimhniú agus le hamharc chun tosaigh ar thodhchaí na teanga ar fud na hÉireann.
“Beidh Ciarán ag cur síos ar na dúshláin atá ag Chonradh na Gaeilge agus ag pobal na Gaeilge ó thuaidh agus ó dheas i láthair na huaire.
“Bhí Donncha Mac Niallais chun tosaigh i gcur chun cinn agus i bhfás na Gaeilge, mar sin is am speisialta é seo – go mór mór le himeacht i gCultúrlann Uí Chanáin, spás a chuidigh sé lena chruthú.
“Am iontach atá ann le forbairt na teanga sa chathair ag dul ó neart go neart. Tá fás mór i líon na ndaoine fásta atá ag foghlaim Gaeilge agus tá éileamh nach bhfacthas riamh roimhe d’áiteanna sna Gaelscoileanna áitiúla.
“Tá an fhorbairt seo a bhuíoch a bheag is a mhór d’obair Dhonncha agus daoine eile, ag imirt ról lárnach i dtógáil ghluaiseacht na Gaeilge sa chathair.
“Gaeilgeoir agus ceannaire pobail ab ea é a d’oibrigh go crua le daoine a thabhairt le chéile. Trí imeachtaí mar seo, ba mhian linne a chuimhne a choinneáil beo le hidirphlé dearfach ar an todhchaí.
“Is imeacht Gaeilge é seo atá oscailte do gach duine agus beidh áiseanna aistriúcháin chomhuainigh ar fáil dóibh atá siad de dhíth orthu.”
Is gníomhaí Gaeilge agus do chearta Gaeilgeoirí é Ciarán Mac Giolla Bhéin lá fada an lá. As Béal Feirste Thiar ó dhúchas, d’oibrigh sé beagnach fiche bliain le Conradh na Gaeilge agus d’imir sé ról lárnach leis an Dream Dearg san fheachtas d’Acht Gaeilge agus don chéad reachtaíocht Ghaeilge riamh ó thuaidh.
Tús nua do ghluaiseacht na Gaeilge a bhí ann nuair a toghadh mar Uachtarán an Chonartha é ar na mallaibh, 30 bliain i ndiaidh do Ghearóid Ó Cairealláin, fear mór eile i bpobal na Gaeilge, bheith ar an Fheirsteach deireanach ina Uachtarán.
CRÍOCH
Nóta d’eagarthóirí:
Beidh Léacht Cuimhneacháin Dhonncha Mhic Niallais i gCultúrlann Uí Chanáin, Dé Máirt 12 Lúnasa ar 12.30in, mar chuid d’Fhéile 2025. Tá cead isteach saor agus tá fáilte roimh chách. Is imeacht Ghaeilge é seo le háiseanna aistriúcháin chomhuainigh.
Is féidir clár Féile 2025 a fheiceáil anseo: